Categories
AIA

Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe

Le Proinsias Ó Riain

Is é an chéad lá Mí Bealtaine Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe. Tá go leor ainmneacha ag an lá seo, Lá Bealtaine, Lá na nOibrithe srl. Is lá saoire poiblí é Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe i dtíortha ar fud an domhain. Déanfaidh an ailt seo anailís ar stair an ócáid Haymarket, agus bunú an Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe.

Cúlra

Tar éis Cogadh Cathartha na Stáit Aontaithe agus an Cúlú Eacnamaíochta Fada bhí dlús curtha leis an táirgeadh tionsclaíoch sa tír sin. Bhí na céadta ag teacht ar imirce agus bhí go leor Éireannaigh, Gearmánaigh, agus Iodálaigh ag obair i gcomhair $1.50 sa lá. Chomh maith leis sin bhí siad ag obair níos mó ná 60 uair sa tseachtain. Bhí na hoibrithe ag maireachtáil i bhfíor bhochtaineacht. De bharr na dálaí uafásacha seo thosaigh na daoine chun eagrú i gcomhair pá níos fearr agus d’fhreagair na fostóirí le gníomhartha frith cheardchumainn. Cuireadh na daoine ag eagrú na ceardchumainn ar an liosta dubh, d’eagraigh siad frithdhúnadh, agus d’fhostaigh siad fórsaí shlándála príobháideacha chun a gcruinnithe a bhriseadh suas. Bhí na meáin ar taobh na fostóirí agus d’fhoilsigh siad go leor alt nuachtáin ina gcoinne. In ainneoin na gníomhartha frith cheardchumainn seo chuaigh líon na ndaoine a raibh mar bhall i gceardchumainn ó 70,000 sa bhliain 1884 go 700,000 sa bhliain 1886. Bhí tacaíocht láidir ag an bplean chun lá oibre ocht uair a chur i bhfeidhm. Bhí an céad nuachtán ag an lucht oibre i gcathair Chicago Arbeiter Zeitung i gcló agus bhí na mílte á léamh, bhí siad ina ainrialaithe ón nGearmáin den chuid is mó.

Paráid Lá Bealtaine agus Stailceanna

I Mí Dheireadh Fómhair 1884 d’eagraigh an Federation of Organized Trades and Labour Unions stailc ginearálta i fabhar an lá oibre ocht uair. Bhí an chéad lá Mí Bealtaine roghnaithe don stailc ginearálta. Ar Dé Sathairn 1ú Mí Bealtaine bhí na mílte ar stailc ar fud na Stáit Aontaithe, bhí “eight hour day with no cut in pay” mar mana acu. Measann siad go raibh leath milliúin ar stailc sa tréimhse seo. Bhí stailceanna i Milwaukee, Cathair Nua Eabhrac agus Chicago. Ar an triú lá Mí Bealtaine bhuail oibrithe ar stailc taobh amuigh na geataí McCormick Harvesting Machine Company. Bhí frithdhúnadh i bhfeidhm ag na fostóirí ó Mí Feabhra agus tháinig siad faoi ionsaí ag na póilíní agus sáraitheoirí stailce. Ag deireadh lá oibre bhí na hoibrithe ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar na sáraitheoirí stailce nuair a d’ionsaigh na póilíní iad agus scaoil siad leis an slua. Fuair beirt bás san ainghníomh seo. Dúirt August Spies eagarthóir Arbeiter Zeitung ‘ I was very indignant. I knew from experience of the past that this butchering of people was done for the express purpose of defeating the eight-hour movement’. Mar fhreagra bheartaigh siad chun agóid a eagrú an lá dár gcionn ag Cearnóg Haymarket agus thosaigh siad ag foilsiú fográin i nGearmánais agus i mBéarla ag gairm na hoibrithe chun seas in éadan na póilíní agus na fostóirí. Dúirt an fográn ‘Workingmen arm yourselves in full force’. Beadh August Spies ag labhairt ag an agóid ach ní raibh sé ag iarraidh an óráid a thabhairt nuair a chonaic sé an líne seo sa fhógra. Mar sin de fágadh an líne seo ar lár. Scaipeadh thart ar fiche mhíle fográn.

(Fógrán ón Arbeiter Zeitung)

Agóid ag Cearnóg Haymarket

Thosaigh an agóid go síochánta labhair Spies faoi brúidúileacht na póilíní an lá roimhe sin ‘There seems to prevail the opinion in some quarters that this meeting has been called for the purpose of inaugurating a riot, hence these warlike preparations on the part of so-called ‘law and order.’ However, let me tell you at the beginning that this meeting has not been called for any such purpose. The object of this meeting is to explain the general situation of the eight-hour movement and to throw light upon various incidents in connection with it’.

Thosaigh an cainteoir deireanach ag labhairt agus faoi leath uair tar éis a deich tháinig na póilíní agus d’ordaigh siad an slua chun dul abhaile. Ag an bpointe sin chaith duine éigin buama baile i dtreo na póilíní nuair a phléasc sé fuair póilín amháin bás agus bhí séasúir eile gortaithe. Thosaigh na póilíní ag scaoileadh agus nuair a bhí a gcuid gunnaí folamh d’athlódaigh siad. Faoi dheireadh an eachtra bhí ceathrar oibrithe marbh agus bhí seachtar póilíní marbh. Sna laethanta dár gcionn cuireadh na céadta i bpríosúin agus bhí Red Scare i bhfeidhm ag na póilíní agus na fostóirí, agus gearradh pionós báis ag na cainteoirí agus na eagraithe. Mharaíodh Lingg Spies Parsons Fischer agus Engel ag an Rialtas agus bhí an giúiré claonta i gcoinne na heagraithe. Tugadh an t-ainm Haymarket Martyrs ar na daoine a bhfuair bás sa lá atá inniu agus is lá saoire phoiblí é an chéad lá Mí Bealtaine i dtíortha ar fud an domhain.

Sa lá atá inniu tá a fhios againn nach bhfuil caidreamh cothrom idir oibrithe agus fostóirí. Bíonn oibrithe ag díol a gcuid ama ar son pá agus fostóirí ar nós Jeff Bezos ag éirí níos saibhre gach uile soicind. Caithfidh muid réabhlóid a eagrú chun an caidreamh seo a scriosadh. Ba chóir go mbeadh na hoibrithe i gceannas ar an modh táirgeadh.

‘A Sclábhaithe an tsaoil mór cuirigí le chéile’ – Communist Manifesto

Gluais/Glossary

Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe – International Workers Day
Oibrithe – Workers
Lá Saoire Poiblí – Public Holiday
Cogadh Cathartha na Stáit Aontaithe – American Civil War
Cúlú Eacnamaíochta Fada – The Long Depression
Stailc – Strike
Stailc Ginearálta – General Strike
Póilíní – Police
Frithdhúnadh – Lockout
Fostóirí – Employers
Ceardchumann – Trade Union
Ainrialaithe – Anarchists
Agóid – Protest
Sáraithe stailce – Strikbreakers *Scabs
In anneoin – Despite
Lá oibre ocht n-uaire a chloig – Eight hour working day
Gníomhartha frith cheardchumainn – Anti Union Activities
Ainghníomh – Atrocity
Buama Baile – Homemade bomb
Phléasc – to explode (past tense)
An lá dár gcionn – The following day

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *