Categories
AIA

Staid na Gaeilge 2021

De réir suirbhé san Irish Examiner inniu deirtear go bhfuil 28% den daonra na Saorstáite muiníneach in a gcumas chun Gaeilge a labhairt. Creidimid na huimhreacha seo agus is nuacht dearfach iad na figiúirí seo. Áfach caithfidh muid a rá gur teip leanúnach é an córas oideachais ó thaobh na Gaeilge de agus is léir go mbíonn trua ag roinnt mhaith daoine nach bhfuil siad in ann ár dteanga dúchais a labhairt tar éis ceithre bliana deag ag foghlaim na Gaeilge. Mar sin téann siad as a stuaim féin chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna sa teanga tríd slite éagsúla ar nós Duolingo, nó maidineacha caife.

Caithfidh muidne mar Shóisialaí Poblachtaigh seilbh a ghlacadh ar an nGaeilge. De bharr polasaithe lucht ceannais na Breataine bhí an Ghaeilge buailte amach as lucht oibre na tíre seo. Inniu de bharr caipitleachas agus impiriúlachas cultúrtha foghlaimímid teanga gallda ar scoil. Cé go bhfuil an teanga ag feabhsú sa Ghalltacht, níl cúrsaí ródhearfach sa Ghaeltacht. Gach uile bliain bíonn na figiúirí ag dul in íseal. Mar sin de is féidir a rá gur ceist aicmeach é ceist na teanga sna fiche sé chontae. Tá gá ag an lucht oibre an Ghaeilge a chur chun cinn i nár bpobail féin, ranganna a eagrú, logainmneacha a díghalldú srl.

Tá dhá bhóthar os ár gcomhair, an chéad ceann Saorstát faoi chos ag an lucht ceannais ina bhfuil an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in ainm amháin. Nó an dara cheann, Poblacht na Muintire ina bhfuil an Ghaeilge curtha chun tosaigh i ngach áit den sochaí.

Tógaimis an dara ceann.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *