Gaeilge

Tacaíonn Gníomh Frith-Impiriúlach na hÉireann teanga na Gaeilge – tá roinnt ailt thíos

AIA supports the Irish language – some readings are below

An Cuairt Ríoga 

Tá stair fhada ag cuairteanna ríoga sa tír seo. Sa bhliain 1849 i rith cinedhíothú ar mhuintir na hÉireann thug Victoria Hanover cuairt ar an tír seo. I rith an cuairt sin athainmníodh an Cóbh i gContae Chorcaí go Baile na Banríona. Sa bhliain 1900 tháinig sí ar ais. I 1911 tháinig a mac anseo George Windsor. Agus na Cuairteanna seo ar siúl tuairscíodh gur tháinig na mílte amach ag scairteadh agus ag croitheadh bratach ar na ríthe agus banríonacha. Bhí na hIar-Sasanaigh agus seoiníneachas le feiceáil ar fud fad na tíre i measc an aicme garastúin. 

Dúirt Séamus Ó Conghaile faoin gcuairt ríoga i 1911

“All these parading royalties, all this insolent aristocracy, all these grovelling dirt eating capitalist traitors, all these are signs of disease in any social state, diseases which a royal visit brings to a head and spews in all it’s nastiness before our horrified eyes”. 



Sa lá atá inniu,is cosúil go mbíonn cuairt ríoga gach bliain sa fiche sé chontae. Áfach inniu tá difríochtaí mhóra l feiceáil idir na cuairteanna fadó agus na cuairteanna anois. Tá muintir na hÉireann tinn tuirseach den amú airgid seo agus na mílte ag fáil báis ar na sráideanna. Chomh maith leis sintá comhfhios aicme ag ardú i measc an lucht oibre. Eagraíodh go leor agóidí i gcoinne na cuairteanna ríoga i 2011 agus i 2016. 

Tá a fhios againn go bhfuil caidreamh neamhghnách idir an Saorstát agus Sasana. Is Stát leath-choilíneach é an Saorstát agus stát lán-choilíneach é an Tuaisceart. Léiríonn na cuairteanna seo an stádas seo go háirithe an cuairt is deireanaí nuair a bhí amhrán náisiúnta na Breataine ag seinm sa ghairdín chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath. Ba mhasla é an ócáid seo dona laochra a bhfuair báis ar son na saoirse. 

Fograíodh ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha i Mí Feabhra go mbeidh cuairt ríoga eile ar siúl i Mí an Mhárta. Dúradh linn go mbeidh William agus Kate Windsor ag teacht. Ag an bpointe sin tosaíodh Poblachtaigh Sóisialaí na hÉireann agus Macradh ag ullmhú gníomhartha i gcoinne na cuairte. Ghabhadh Macradh seilbh ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha i bhFaiche Stiabhna mar agóid agus tugadh ráiteas ag rá nach bhfuil aon fáilte ag ríochas in Éirinn agus ár dtír faoi smacht na Breataine. Fuair an ócáid seo go leor tacaíocht ar líne. Nuair a bhí an cuairt ar siúl bhí agóid beartaithe ag Poblachtaigh Sóisialaí na hÉireann agus Macradh. Ar Mhullach Bhinn Éadair bhí bratach curtha suas ag rá “Royal Parasites Not Welcome In Ireland”. Ar an lá chéanna bhí baill an ghrúpa ag seasamh ar an mbóthar go Binn Éadair nuair a bhí William agus Kate ag teacht. Bhí bratach na hÉireann acu agus postaer leis an ráiteas chéanna a bhí ag an mbratach ag an Mullach. Agóid síochána a bhí ann ach bhí eagla mhór ag na pólíní agus an Craobh Speisíalta agus chuir siad in éadan na baill. 
Níor eagraigh aon gluaiseacht eile aon ócáid i gcoinne an cuairt ríoga agus mar sin de is léir go bhfuil Macradh agus Poblachtaigh Sóisialaí na hÉireann an gluaiseacht is réabhlóidí sa tír seo. 

I bhfocail Shéamus Ó Conghaile 


“Ours is the task to enlighten the ignorant among our class, to dissipate and destroy the political and social superstitions of the enslaved masses and to hasten the coming day when, in the words of Joseph Brennan, the fearless patriot of ’48, all the world will maintain:’The Right Divine of Labour
To be first of earthly things;
That the Thinker and the Worker
Are Manhood’s only Kings.”

Macradh agus ISR abú Saoirse agus Sóisialachas!