Categories
AIA

An tArm Cathartha na hÉireann le linn an t-Éirí Amach

Le Proinsias Ó Riain 

Dúirt Leinín go raibh an tArm Cathartha na hÉireann ina céad Arm Dearg san Eoraip. Bunaíodh an tArm Cathartha ó dtús chun na hoibrithe a chosaint óna póilíní i rith an Frithdhúnadh sa bhliain 1913. Ba é a mhana “Ní don Rí, ná an Kaiser a thugaimid dílseacht, ach d’Éireann”. Ba é a gceannceathrú ná Halla na Saoirse, áit a d’fhoilsigh an Forógra na Cásca. Ghlac siad páirt sna imeachtaí is suntasaí san Éirí Amach.

Nuair a ghabh na reibiliúnaigh an t-Ard-Oifig cuireadh suas iad brat náisiúnta na hÉireann, agus brat na Poblachta. Bheartaigh Ó Conghaile chun brat an tArm Cathartha a chur suas chomh maith. Cuireadh suas an Camchéachta go hard os cionn An Imperial Hotel. Ba ghníomh suntasach é seo mar bhí seilbh an t-óstán ag William Martin Murphy duine lárnach sa Fhrithdhúnadh ó thaobh na fostóirí de. Ghabh an tArm Cathartha smacht ar Fhaiche Stiabhna faoi cheannas ar Mícheál Ó Mealláin agus Constance Markievicz. Chuir amach iad na daoine a bhí ag siúl thart agus dhún siad an páirc. Gan mhoill i ndhiadh sin rinne siad trinsí i lár na páirce, ach ghabh na Sasanaigh seilbh ar Óstán Shelbourne agus bhí siad in ann scaoileadh isteach sna trinsí as an ndíon. Bheartaigh an tArm Cathartha ansin chun an páirc a éalú. Thog siad an foirgneamh Royal College of Surgeons agus d’fhán siad ansin le linn na seachtaine in aghaidh trodaíocht dian.

 

Bhí forsa eile faoi cheannas Seán Ó Conghaile ag iarraidh Caisleán Bhaile Átha Cliath a thógáil ach ní raibh a fhios ag an bhforsa cé mhéad saighdiúir a raibh sa chaisleán. Mar sin de scaoil siad póilín den Póilíní Átha Cliath (DMP). Ba é an duine seo an chéad duine a bhfuair báis san Éirí Amach. Chuaigh an fórsa isteach Halla na Cathrach áit ina fán siad go dtí go ghéill siad do na Sasanaigh tar éis trodaíocht láidir. Ba é Seán Ó Conghaile an chéad duine a bhfuair báis ar thaobh na reibiliúnaigh, naoscaire ar an díon a scaoil sé. 

Cé go raibh Halla na Saoirse folamh mar bhí an tArm Cathartha amach i mbun catha, scriosadh an foirgneamh ag na Sasanaigh mar cheap siad ar dtús go raibh sé ina ceanncheathrú dona reibiliúnaigh. 

Chomh maith leis sin i bhFaiche Stiabhna bhí bean darb ainm Margaret Skinnider ag troid leis an tArm Cathartha. Throid sí mar naoscaire i rith an t-Éirí Amach mar bhí taithí uirthi ag scaoileadh san Alban. Dúradh go raibh an-urchar aici. Deir sí ina beathaisnéis “Doing My Bit for Ireland” ‘ I slipped into this uniform, climbed up astride the rafters, and was assigned a loophole through which to shoot. It was dark there, full of smoke and the din of firing, but it was good to be in action. I could look across the tops of trees and see the British soldiers on the roof of the Shelbourne. I could also hear their shoots hailing against the roof and wall of our fortress, for in truth this building was just that. More than once I saw the man I aimed at fall.

Bhí sí gortaithe i rith an trodaíocht. 

Tar éis an tÉirí Amach cuireadh den chuid is mó den Arm Cathartha i bpríosúin i bhFrongach sa Bhreatain Bheag, agus cuireadh Séamus Ó Conghaile faoi phionós báis. 

Throid agus fuair siad bás ar son Saoirse na hÉireann.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *