Categories
AIA

Loch gCál, agus Maochas

                   Le Proinsias Ó Riain 

Téann an streachailt ar son saoirse náisiúnta agus sóisialachas le chéile

Is minic a deirtear gur ‘streachailt in aghaidh na Breataine amháin ab é an coimhlint sna Sé Chontae’. Bíonn an anailís seo ráite ag staraithe ón Breatain iad féin nó ag Iar-Sasanaigh sna bhFiche Sé Chontae. Mar ghrúpa a chreideann i Marxachas-Leinínachas- Maochas tá a fhios againn gur streachailt in aghaidh impiriúlachas, agus caipitleachas ab é an coimhlint sna Sé Chontae Ní gá dúinn ach breathnú ar an ndream a rinneadh ruathar misniúil ar na mbearaice Loch gCál. 

Ba ghrúpa an-tiomanta é Briogáid Tír Eoghain Thoir. Nuair a bhí an ceannaireacht poblachtach ag iarraidh deireadh a chur ar an gcoimhlint, agus dul isteach Teach Laighean, agus Stormont bhí an Briogáid Thír Eoghain Thoir i mbun pleanáil ar go leor gníomhartha chun brú a chur ar Arm na Breataine chun na Sé Chontae a éalú. Bhí beirt cróga i measc na hÓglaigh sa Bhriogáid Thír Eoghain Thoir, Jim Lynagh agus Pádraig McKearney. Chuaigh Lynagh isteach Óglaigh na hÉireann nuair a bhí sé ina déagóir. Sa bhliain 1973 nuair a bhí sé i mbun catha leis an mBriogáid phléasc an buama a bhí aige roimh am agus fuair sé cúig bliana i bpríosúin sa Cheis Fhada. Nuair a scaoileadh amach é toghadh é mar chomhairleoir ar son Muineachán sa bhliain 1979. I 1980 bhí sé curtha i bpríosúin arís sna Fiche Sé Chontae an am seo mar bhí seilbh aige ar armlón. Agus e i bpríosúin bhí go leor ama aige chun a bheith ag léamh. Tá a fhios againn gur phioc suas é Chairman Mao agus rinne sé staidéir ar a gcuid saothair. Bhuail sé le Pádraig McKearney agus iad i bpríosúin agus bhí cairdeas acu. Bhí Lynagh i gceannas ar Óglaigh i gContae Muineacháin. Bhí modhanna difriúla aige ná ceannairí eile. Cuireadh ceannairí eile Óglach amháin nó beirt faoi airm, cuireadh Lynagh an grúpa ar fad faoi airm. Ceaptar go raibh Lynagh i gceannas ar grúpa a chuaigh i mbun catha ar teach Sir Norman Stronge. Maraíodh é féin agus a mhac. Tar éis sin tháinig gluaisteán armúrtha agus rinneadh damáiste trom ar ag na hÓglaigh. 

Bhí Lynagh, McKearney, agus na baill eile sna Briogáid Thír Eoghain go dian in aghaidh clár oibre Adams, go háirithe stop a chur ar staonadh ó Teach Laighean, Stormont agus Westminster. Nuair a bhí an grúpa ag caitheamh a gcuid vótaí ag an gComhdháil i 1986 vótáil Lynagh agus McKearney in aghaidh leasúcháin ach bhí siad ina mionlach sa Chomhdháil sin. 

Bhreathnaigh siad ar Mao agus céard a tharla i rith Cogadh Cathartha an tSín, go háirithe ar an stráitéis Fadchogadh na Muintire. Ní straitéis coimhthíoch é Fadhchogadh na Muintire. Nuair a bhí Mao i mbun stáidéir bhreathnaigh sé ar Mícheál Ó Coileáin agus é ag forbairt a stráitéis míleata in Éirinn. D’fhorbairt Fadchogadh na Muintire sa tSín agus bhí sé curtha i bhfeidhm ag an NVA agus an Vietcong in aghaidh impiriúlachas na Fraince agus impiriúlachas óna Stáit Aontaithe Meiriceá. Tá trí pháirt i bhFadchogadh na Muintire. Cuid 1; Cosaint Straitéiseach, sa chuid seo cuireann na fórsaí réabhlóideacha cogadh in áiteanna faoin tuath, áiteanna in a bhfuil an namhad lag. Tríd an ngníomh seo tá na fórsaí réabhlóideacha ag iarraidh daingean a bhunú, agus tríd fhorbairt beadh sé ina bunáit réabhlóideacha. Cuid 2; Cothromaíocht Straitéiseach nuair a fásann Cogadh na Muintire téann sé isteach sa dara cuid agus cruthaíonn na fórsaí réabhlóideacha áiteanna saortha ar fud na tíre. Éiríonn siad níos cumhachtaí agus faigheann siad tacaíocht ó muintir na háite. Tá siad in ann leasú a chur i bhfeidhm ó taobh cúrsaí talúin de. Cuid 3; Ionsaí Straitéiseach ag an bpointe seo tá na fórsaí réabhlóideacha in ann ionsaithe a dhéanamh ar chathracha agus cumhacht a ghabháil ar an tír ar fad. 

Bhí Lynagh agus McKearney ag iarraidh an stráitéis seo a chur i bhfeidhm sa Choimhlint sna Sé Chontae. Labhair siad leis an gCeann Foirne Kevin McKenna go raibh siad ag iarraidh slua reatha a bhunú le 20-30 fir bunaithe i ndeisceart na tíre le campa oiliúna. Rachadh an slua reatha seo i mbun catha trí go cúig am sa bhliain ag cur isteach go mór ar an namhad ach dhiúltaigh an Ceann Foirne an pléann seo mar dúirt sé go raibh sé neamhphraiticiúil. Ach lean Lynagh agus McKearney ar aghaidh leis seo ar aon nós. Chuir siad i bhfeidhm Cosaint Straitéiseach i gcoinne an RUC, an UDA agus Arm na Breataine. Ní bhfágadh na fórsaí seo aon tacaíocht sna háiteanna seo. Bhunaigh siad cealla ar fud an chontae agus d’fhorbairt siad campaí oiliúna ar fud na háite ag déanamh buama agus moirtéar. Go dtí an luíochán ag Loch gCál rinneadh an grúpa seo thart ar 22 oibríochtaí ar staisiún RUC ar fud an chontae. 

Bhí na hÓglaigh sa Bhriogáid Thír Eoghain Thoir ag iarraidh an straitéis eolaíocha réabhlóideacha a d’fhorbair Mao i bhfeidhm ach dúnmharaíodh iad ar seirbhís ghníomhach ag an SAS. Chuaigh siad i mbun catha ag iarraidh an ceangal leis an mBreatain a scriosadh agus fuair siad bás ar son saoradh náisiúnta agus sóisialachas. 

Saoirse agus Sóisialachas  

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *