Categories
AIA

Ní Óglaigh na hÉireann iad na Fórsaí Cosanta

le Proinsias Ó Riain 

Grúpaí san alt seo 

• An tArm Poblachtach na hÉireann – (An tIRA)

• An tArm Náisiúnta (Arm an tSaorstáit) 

• Na Fórsaí Cosanta (Arm na bhFiche Sé Chontae sa lá atá inniu)

• Óglaigh na hÉireann (An grúpa a bhunaíodh i gcoinne na hÓglaigh Uladh i 1913)

• Óglaigh Uladh (An grúpa a bhunaíodh i gcoinne Féinrialú). 

Feall 

​Ní féidir a shéanadh gur stát frith-réabhlóideach é An tSaorstát. Bhí sé cruthaithe ag Rialtas na Breataine, agus tugann sé a dílseacht don Rialtas sin. Cosúil le aon stát frith-réabhlóideach i rith na staire is é a cuspóir ná reibiliúnaigh a chur faoi chos. Bíonn na Fiche Sé Chontae ag iarraidh seilbh a chur ar stair poblachtaigh agus feictear é seo go minic. I 2011 agus Martin McGuinness sa rás na huachtaránachta dúirt sé gurb Óglaigh na hÉireann iad Arm na bhFiche Sé Chontae. I 2013 dúradh linn i rith comóradh céad bliain Óglaigh na hÉireann gur Óglaigh na hÉireann iad na Fórsaí Cosanta. Is bréige iad na ráitis, níl siad fíor ar chor ar bith. Déanfaidh an t-alt seo anailís ar Óglaigh na hÉireann agus déanfaidh sé iarracht chun na smaointe seo a dhiúltiú. 

Sa Bhearna Bhaoil 

Ba ghrúpa míleata iad Óglaigh na hÉireann bunaithe i 1913 ag Náisiúnaithe in Óstán Wynne ar Shráid na Mainistreacha, Cathair Bhaile Átha Cliath. D’fhógair Rialtas na Breataine go dtabharfaí Féinrialú d’Éireann sa bhliain 1912. Bhí critheagla ag na hAontachtóirí ar fud na hoileáin agus le cabhar óna Coimeádaigh sa Bhreatain d’eagraigh siad chun armlón agus gunnaí a thabhairt isteach sa tír chun an ceangal idir Éire agus Breatain a chosaint. Nuair a chonaic náisiúnaithe é seo cuireadh Óglaigh na hÉireann ar bun. Le daoine ó grúpaí éagsúla, Conradh na Gaeilge, Bráithreachas Poblachta na hÉireann, agus Fianna Éireann cruthaíodh grúpa míleata. Bheartaigh siad chun gunnaí a thabhairt isteach sa tír mar rinne na hAontachtóíri an rud chéanna i Larna. Ar an 26 Iúil 1914, tugadh airm i dtír ar an luamh Asgard i mBinn Éadair. Fuair na hÓglaigh 1,000 raidhfil agus tar éis sin thosaigh siad ag druileáil agus ag oiliúint. Bhí an grúpa an-láidir i 1914 ach bhris an Chéad Cogadh Domhanda amach agus rinne Iar-Sasanach cáiliúil an gluaiseacht a scoilt. Tar éis bris amach an Chogaidh d’fhógair John Redmond go mbeadh na hÓglaigh sásta chun troid in aghaidh na Gearmáine ar son’ saoirse na tíortha bheaga ‘. Bhí a fhios ag Pádraig Mac Piarais agus na ceannairí eile gur Cogadh impiriúlach a bhí ann agus go mbeadh na hÓglaigh in ann deachrachtaí na Breataine a úsáid chun saoirse na hÉireann a bhaint amach. D’fhán 13,500 Óglaigh in Éireann agus thosaigh an ceannaireacht Éirí Amach a phleanáil go rúnda. 

Arm na Poblachta

Throid na hÓglaigh, An tArm Cathartha na hÉireann, Cumann na mBan, agus Fianna Éireann san Éirí Amach i 1916. Fógraíodh Poblacht 32 Chontae Sóisialach agus dúirt Ó Conghaile dona saighdiúirí go raibh siad ina Arm Poblachtach na hÉireann. Throid siad go misniúil ar feadh seachtain amháin ach cuireadh den chuid is mó de na ceannairí chun báis. San Olltoghchán i 1918 chaith muintir na hÉireann ar son na Poblachta 1916, agus ar an 21ú Mí Eanáir 1919 bhuail an Chéad Dáil Réabhlóideach le chéile i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Ar an lá chéanna rinneadh an tIRA luíochán misniúil i tSúlchóid Bheag i dTiobraidÁrainn, Bhí na hÓglaigh ag iarraidh an tír a shaoradh agus bhí siad an tArm le aitheantas ón Dáil. Bhí siad chomh-éifeachtach agus mharaigh siad go leor saighdiúirí Breatnaigh, bhí sé ar na Breatnaigh chun sos a chur ar an gcogadh. Nuair a bhí an sos ar siúl bheartaigh na Breatnaigh chun Éire a dheighlt i dhá tír a thugfadh dílseacht go Coróin na Breataine, na Fiche Sé Chontae (Saorstát Éireann) agus na Sé Chontae. Chuaigh grúpa cúig Londain chun plé leis an aontú seo, d’aontaigh siad leis an bplean agus leis impiriúlachas in Éirinn. 

Frith-Réabhlóid na hÉireann

Bhí an Conradh Angla-Éireannach curtha i bhfeidhm ach bhí an tArm Poblachtach na hÉireann go dian in aghaidh an aontú seo. Thug siad a ndílseacht chuig na Poblachta agus bhí sé ar an tArm Poblachtach na hÉireann an Phoblacht a chosaint. Thog siad seilbh ar na Ceithre Cuairteanna i mBaile Átha Cliath. Bhí Mícheál Ó Coileáin ag iarraidh Arm a chur le chéile chun an Conradh a chur i bhfeidhm, mar sin de le cabhar óna Breatnaigh bunaíodh an tArm Náisiúnta. Bhí go leor daoine a chuaigh isteach san Arm Náisiúnta ina Iar-Saighdiúirí na Breataine, an chuid eile ná Iar-Dúchrónach nó DMP. Fuair siad raidhfil agus armlóin óna Breatnaigh agus an rud is measa airtléire a d’úsáid siad chun an garastún sna Ceithre Cúirteanna a chur faoi chos. Bhí na daoine a throid in aghaidh an tArm Náisiúnta, an tIRA na daoine a throid ar son na poblachta, bhí siad ina Óglaigh na hÉireann, ní raibh an tArm Náisiúnta ina Óglaigh na hÉireann ar chor ar bith. D’athraigh an tArm Náisiúnta a n-ainm chuig Na Fórsaí Cosanta agus nuair a bhí an Cogadh Frith-Réabhlóideach thart dúirt siad gur Óglaigh na hÉireann iad, na daoine a throid siad in aghaidh ar son na Breataine. Níl an teoiric seo fíor ar chor ar bith agus is bréige iad na ráitis ón Martin McGuinness agus Rialtas an tSaorstát. B’Óglaigh na hÉireann iad siúd a throid ar son na Poblachta i 1916, 1922, agus sa choimhlint sna Sé Chontae. 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *