Categories
AIA

Gaeilge sa nGluaiseacht

Le déanaí bhí Gníomh Frith-Impiriúlach na hÉireann ag déanamh ár ndícheall an teanga a chur chun cinn ar fud fad na tíre agus úsáid na teanga a spreagadh sa ngluaiseacht chomh maith. Creidimid mar ghrúpa frith-impiriúlach go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go ndéanann muid iarracht chun úsáid laethúil na Gaeilge a spreagadh in aghaidh impiriúlachas cultúrtha ó Mheiriceá agus ón mBreatain. Ó bhunú an tSaorstát bhí an stát nua-choilíneach seo ag cur an Ghaeilge go himeall an tsochaí. Ghearr siad infheistíocht, níor thug siad Stádas Gaeltachta do Chontae an Chláir (inniu níl an Ghaeilge beo sa bpobal i gContae an Chláir faraor), agus níor chuir siad aon polasaithe i bhfeidhm chun imirce a stopadh i gceantracha Gaeltachta. Mar Ghaeilgeoirí tuigimid na streachailt seo mar gach lá bíonn brú orainn chun cloí leis an mBéarla mar gnáth-theanga.

Tá ranganna Gaeilge á stiúradh againn go seachtainiúil, tá postálacha rialta thuas ar an suíomh idirlíne atá againn, agus bíonn postálacha dátheangacha thuas ar an leathanach Facebook go rialta. Tá na céimeanna seo á thógáil againn chun an teanga a normalú go forleathan mar níl an Saorstát sásta é seo a dhéanamh ar chor ar bith. Tá na fiche sé chontae lán-sásta a bheith mar nua-choilíneacht na Sasana. Tá an malartach á thógáil againn, ná sheas ar an dtaobhlíne. Má tá tú ag iarraidh ár dteanga a athbheo, an Phoblacht a athbhunú, agus faisisteachas a scriosadh bígí linn inniu. Ní leis faisistithe ná chaipitligh an teanga, is linne an teanga, lucht oibre na hÉireann.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *