Categories
AIA

Máirtín Ó Cadhain

Bhí dealbh curtha de Mháirtín Ó Cadhain ina áit dúchais, Spidéal, Contae na Gaillimhe ar an Satharn seo chaite.

Is maith an rud go bhfuil dealbh curtha anseo don fhear a throid go paiseanta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is minic a chloistear ar shaothair litríochta Ó Cadhain amháin. Déantar seo d’aon ghnó. I rith a shaol chuir Ó Cadhain eagla ar an mbunaíocht ó thaobh cúrsaí Gaeilge de agus ó thaobh cúrsaí sóisialta de. Chomh maith leis sin ghlac sé páirt sa streachailt ar son saoradh náisiúnta.

Cheap Ó Cadhain nach raibh aon maitheas le “neamhspleáchas” ón mBreatain gan an Ghaeilge mar phríomhtheanga na tíre. Ní hamháin sin, cheap sé ba chóir go mbeadh an lucht oibre i gceannas orthu féin agus d’eagraigh sé a mhuintir i gcoinne an tSaorstát agus Caipitleachas. Fear mór na Gaeilge ab ea Ó Cadhain a chreid in idéil Conghaileach. Leanann an streachailt a throid Ó Cadhain ar aghaidh sa lá atá inniu ann.

Ba chóir dúinn inspioráid a thógáil as an sampla a rinne sé chun saoirse a fháil don lucht oibre, muintir na Gaeltachta, agus Na Gaeil sna sé chontae.

Rugadh Ó Cadhain i 1906 ar an gCnocán Glas sráidbhaile beag díreach taobh amuigh de Spidéal. Feirmeoirí beaga ab iad a theaghlach a bhog chun na háite ón Uachtar Aird in 1839. Chomh maith leis an bhfeirmeoireacht bhí a mhuintir ina seanchaithe agus d’fhás sé suas ag éist le go leor scéalta traidisúnta ón áit.

Bhain sé scoláireacht amach chun freastal ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach chun a bheith ina mhúinteoir. Is anseo a d’fhás a suim i gcúrsaí polaitíochta.

Léigh sé An Phoblacht agus d’fhorbairt sé a phoblachtachas de bharr. D’fhoghlaim sé go leor teangacha chomh maith, Gearmáinis, Fraincis, Rúisis, agus Iodáilis.

Fuair sé post mar phríomhoide i gCamas i gConamara agus ag pointe éigin timpeall an am seo chuaigh sé isteach san IRA. Chuala an t-easpag trácht faoi seo agus chaill Ó Cadhain a phost mar gheall ar a chuid gníomhaíochais. In anneoin seo lean sé leis agus bhí sé ina chaptaen den ghrúpa áitiúla don IRA.

Bhunaigh sé craobh de Chonradh na Gaeilge freisin anseo agus mhúin sé Gaeilge do dhaoine fásta sa Samhradh i gCeathrú Rua. Agus é i mbun múinteoireachta leis an gConradh bhuail sé lena bhean chéile Máirín Ní Ródaigh i 1932 agus phós siad tamall tar éis. Bhog sé ar ais go Baile Átha Cliath i 1936 chun a bheith ag obair le Conradh na Gaeilge agus timpeall an am seo bhuail sé John Ellis Caerwyn Williams as an mBreatain Beag a mhúin Breatnais dó. Clúdach maith a bhí a gcuid oibre leis an gConradh mar go rúnda bhí sé ina oifigeach earcaíochta leis an IRA agus bhí sé mar bhall den Chomhairle Míleata.

Bhí sé curtha i bpríosúin i 1939 i gcomhair trí mhí de bharr seo. Agus é i bpríosúin mhúin sé Gaeilge do na príosúnaigh. Bhí sé curtha i bpríosúin arís an am seo bhí sé curtha sa Curragh i gContae Chill Dara ar feadh ceithre bhliana. Anseo rinne Ó Cadhain leachtanna do na Príosúnaigh ar stair na hÉireann, polaitíocht agus ar an nGaeilge. Chuir sé snas ar a chuid Fraincise anseo. Go tragóideach fuair a thuistí bás agus é i bpríosúin. Fuair sé cead chun dul go ceann de na sochraid ach ní bhfuair sé cead chun dul go dtí an ceann eile.

Nuair a bhfuair sé amach as príosún d’aimsigh sé obair mar aistritheoir le cabhar ó chairde. Sna 50dí ghlac sé páirt sa streachailt ar son cearta mhuintir na Gaeltachta. Chabhraigh sé chun bhunú Misneach agus Gluaiseacht Chearta Shibhialta na Gaeltachta. Bhí an dá ghrúpa seo an-míleata ar fad agus i 1969 d’ionsaigh Misneach carr Jack Lynch, agus chuir siad isteach ar chruinniú Fianna Fáil a bhí ar siúl san óstán Shelbourne. Bhí siad bunaithe chun an scéal a scaipeadh faoi meath na Gaeltachta agus stát na teanga. Cheap sé gurb ionann an streachailt ar son saoirse agus sóisialachas. Chuir sé le ráiteas ón bPiarsach “Éire a bheith ní amháin saor ach Gaelach, ní amháin Gaelach ach saor”. Dúirt Ó Cadhain “Éire a bheas ní amháin Gaelach agus saor ach gurb í Éire Shéamus Ó Conghaile Poblacht na nOibrithe”.

Dúirt sé chomh maith “Sé an dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina shóisialaigh”. Fuair sé bás i 1970 ach beidh cuimhne againn air go deo agus na hiarrachtaí a rinne sé ar son saoradh naisiúnta agus sóisialachas.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *